An Biolar Gréagáin; An Searbh-bhiolar; Seilín Cuaiche
Cardamine pratensis
Cuckoo Flower; Lady’s-smock
Seo bláth eile atá sa bhfine Brassicaceae (féach na ceithre peitil). Faightear iad go hiondúil ar thalamh fhliuch – tá go leor acu ag fás ar an bportach i gCois Fharraige – ach bhí an bláth sa bpictiúir seo ar thaobh bhóithrín Scailp an Chait, in Indreabhán.
Deirtear go dtugtar Cuckoo Flower ar an mBiolar Gréagáin i mBéarla mar go dtagann bláth ar an bplanda nuair a thosaíonn an chuach ag canadh. Ach is minic a bhíonn smugairle cuaiche (an leacht a thugann tearmann do larbha an mhíol seile cuaiche) ar an bplanda, agus ceaptar go mb’fhéidir gur uaidh seo a fuair an planda an t-ainm Béarla. Tá Seilín Cuaiche mar ainm don phlanda ag Niall Mac Coitir, agus tugtar Léine Mhuire ar an bplanda freisin.