You are currently viewing An Biolar Trá

An Biolar Trá

Dath Bláth:
Cineál Planda: , ,
Fine:
Géineas:
Gnáthóg: , ,
Faoi Bhláth: ,
Stádas:

Cochlearia officinalis

Common Scurvygrass

Tá roinnt mhaith speiceas Cochlearia ann (timpeall 30 go domhanda, agus hibridíonn siad lena chéile freisin). Ach tá trí mhór-speiceas aitheanta in Éirinn (is iad seo na cinn is líonmhara ar Biodiversity Ireland): an Biolar Trá (Cochlearia officinalis), an Carrán Muirisce (Cochlearia anglica) agus an Carrán Creige (Cochlearia danica). Fuair mé na hainmneacha ó téarma.ie. Tá sé deacair idirdhealú a dhéanamh eatarthu, agus mar sin nílim cinnte an bhfuil na hainmneacha Gaeilge seo in úsáid go minic sa gcaint, nó an ea go bhfuil gné áitiúil ag baint leis na téarmaí seo.

Tá an Carrán Muirisce an-chosúil leis an mBiolar Trá. Tá cruth cosúil le duilleoga Eibheann ar dhuilleoga an Charráin Creige agus níl siad le feiceáil ar an bplanda seo. Ach tagann bláth ar an gCarrán Creige níos luaithe ná ar an mBiolar Trá. Le rudaí a dhéanamh níos casta, déanann na speicis seo hibridiú lena chéile.

Bhaintí úsáid as duilleoga an Bhiolair Trá mar fhoinse tábhachtach vitimín C chun scorbach a sheachaint, sula raibh fáil níos forleithne ar thorthaí citris. Is as seo a tháinig an t-ainm Béarla, Scurvygrass. Is cosúil go bhfuil drochbhlas air.

Tá an Biolar Trá luaite ag Fergus ó hÍr do Cochlearia officinalis (Morbhealaí agus Cúlbhealaí, 2007), ní fheicim aon Cochlearia luaite ag Nicholas Williams (Díolaim Luibheanna, 1993), ná ag Niall Mac Coitir (Ireland’s Wild Plants, 2006). I bhfianaise go bhfuil sé deacair na speicis éagsúla Cochlearia a aithint óna chéile, agus gur Cochlearia officinalis an ceann is coitianta (más ea) sa tír, seans gur Biolar Trá nó Carrán atá (a bhí) in úsáid do chuile Cochlearia atá thart. Bheinn buíoch dá mbeadh aon duine in ann níos mó eolais a thabhairt dom ar an bplanda álainn seo!

Cibé ainm atá air, tá áilleacht an phlanda seo le feiceáil go flúirseach anois ar chósta Chois Fharraige.