You are currently viewing An Meas Torc Allta

An Meas Torc Allta

Dath Bláth:
Cineál Planda: , ,
Fine:
Géineas:
Gnáthóg:
Faoi Bhláth:
Stádas:
Fairsinge:

Úll an Mhadra Rua

Hypericum androsaemum

Tutsan

Tá sé éasca an Meas Torc Allta (Hypericum androsaemum) a aithint. Tá duilloega, bláthanna, agus caora uathúla (agus fótaigineacha) ag an planda dúchasach seo. Tá sé le feiceáil ar leataobh an bhóthair i gCois Fharraige, cé nach bhfuilim cinnte cé chomh fairsing agus atá sé. Chonaic mé é ar thrí bhóithrín éagsúla.

Deirtear go bhfuil boladh muice ón bplanda nuair a bhristear é, agus dár le Ó Coitir (2006) gur uaidh seo a tháinig ainm Gaeilge an phlanda.

Tá dhá phlanda eile sa ngéineas céanna ag fás sa tír, Lus na Maighdine Muire (H. perforatum) agus an Beathnua Gan Smál (H. maculatum), a bhí in úsáid go stairiúil mar ábhar leighis (don ghalar dubhach, i measc tinnis eile), agus bhaintí úsáid as an Meas Torc Allta sa gcaoi seo freisin. Nílim cinnte fós an bhfásann na speicis seo go fiáin (fairsing) i gCois Fharraige.