You are currently viewing Raithneach

Raithneach


Pteridium aquilinum

Bracken; Common Fern

Chuile sheans nach bhfuil aon phlanda eile i gCois Fharraige atá chomh líonmhar agus chomh fairsing le raithneach. Tugann Fossit (A Guide to Habitats in Ireland, 2007) “Dense Bracken” (cód HD1) ar an ngnáthóg ina bhfuil raithneach flúirseach, agus tá sí le fáil go minic in áiteanna aigéadacha le clocha siliciúla, mar atá go forleathan i gCois Fharraige.

Tá raithní eile i gCois Fharraige – an Raithneach Mhadra (Dryopteris filix-mas), an Raithneach Chrua (Blechnum Spicant), Raithneach Mhuire (Athyrium Filix-femina) agus an Raithneach Riúil (Osmunda regalis) in measc – ach níl aon cheann chomh forleathan P. aquilinum, ar a dtugtar an Raithneach Mhór freisin.

Is sean-phlanda í seo, atá thart le os cionn 50 milliun bliain. Scaipeann spóir an phlanda san aer, agus síneann sí amach riosóim faoin talamh as a bhfásann níos mó plandaí. Má fhaigheann raithneach an deis, scaipfidh sí ar fud na ngarrantaí, agus plúchfar chuile phlanda eile. Tá an raithneach ailléileapatach, sé sin le rá go scaoileann sí amach ceimicí a stopann plandaí eile ag fás in aice léi.

Sílim nach bhfuil mórán measa ag an bpobal ar an bplanda seo. Táthar ag ceapadh anois nach bhfuil raithneach go maith don sláinte, is ann a bhíonn sciortáin ag fanacht, agus laghdaíonn siad bithéagsúlacht an cheantair. Ach ar an lámh eile, tugann raithneach dhlúth foscadh agus tearmann d’ainmhithe agus d’éanacha – sionnaigh agus piasúin ina measc. Agus is radharc suntasach é garraí lán le raithneach, dhá mhéadar nó níos mó in airde, claíocha agus carraigeacha clúdaithe, i lár an tsamhraidh.