You are currently viewing An Falcaire Uisce

An Falcaire Uisce

Dath Bláth:
Cineál Planda: ,
Fine:
Gnáthóg:
Faoi Bhláth:
Stádas:

Samolus valerandi

Brookweed

Tá an Falcaire Uisce (Samolus valerandi) ag fás sna garrantaí fliucha sin in aice na farraige i Cois Fharraige. Is planda beag é, le bláthanna beaga bána, agus níl sé éasca é a fheiceáil sa bhféar fada.

Tá an ilbhliantóg dhúchasach seo sa bhfine Primulaceae, in éineacht le Crúibíní Cait agus an Bainne Bó Bleachtáin/Sabhaircín.

Is léir go bhfuil sé in ann ag sáile na farraige – agus ag sáile sa gcréafóg – agus ní chuireann ithir aigéadach as dhó ach an oiread. Tá sé sách coitianta sa stráice cósta sin i gCois Fharraige, ach ní fhaca mé é in aon áit eile níos faide ó thuaidh.