You are currently viewing Tím Chreige

Tím Chreige

Dath Bláth: ,
Cineál Planda: ,
Fine:
Gnáthóg:
Faoi Bhláth:
Stádas:
Inite?: ,

Lus na mbrat; Lus mhic rí Breatan

Thymus drucei

Wild Thyme

Tá Tím Chreige (Thymus drucei) le fáil ag fás sa gcréafóg bhocht atá timpeall ar chlocha nochtaithe i gCois Fharraige. Is planda dúchasach é, agus ní thabharfá faoi deara é ó cheann ceann a bliana nó go dtosaíonn na bláthanna bándearga agus corcra ag oscailt.

Faightear póiríní seangáin ag fás in aice leis go minic, agus clúdaíonn na plandaí ísle sin na clocha eibhir atá sa gceantar. Faightear níos minice ar chóstaí na tíre é, seachas lár tíre. Tá boladh láidir ar an bplanda brúite, agus úsáidtear é i gcócaireacht.

Tá roinnt ainmneacha difriúla Laidin ag an bplanda seo, Thymus polytrichus, ina measc, agus nílim cinnte cén t-ainm oifigiúil is déanaí atá air.