You are currently viewing An Lus Borraigh Beag

An Lus Borraigh Beag

Dath Bláth:
Cineál Planda: , ,
Fine:
Gnáthóg: ,
Faoi Bhláth: ,
Stádas:

Lus an Bhorraigh Beag

Utricularia minor

Lesser Bladderwort

Tá an Lus Borraigh Beag (Utricularia minor) ar cheann de na plandaí feoilsúiteacha atá le fáil i gCois Fharraige. Fásann sé sna lagphoill, sna draentacha agus sna háiteacha fliucha ar na portaigh.

Tá bealach suimiúil aige le creach a ghabháil. Tá lamhnán, nó mála beag le doras ann, ar an ngas atá faoi uisce (ciallaíonn Utricularia “mála beag”). Brúann an planda an t-uisce amach as an lamhnán, próiseas a chruthaíonn brú an-íseal istigh sa lamhnán. Nuair a théann creach – orgánach beag cosúil le dreancaid uisce – ró-ghar den lamhnán, oscalaíonn an doras, agus súitear isteach an chreach. Brúann an planda an t-uisce amach arís chun an trap a shocrú don chéad chreach eile.  

Tógann sé níos lú ná 1/35 soicind chun an chreach a shúigh isteach sa lamhnán – tá cáil ar an Lus Borraigh mar an planda feoilsúiteach is sciobtha ar domhan.

Tá speiceas eile in Éirinn, an Lus Borraigh Gaelach (nó Lus an Bhorraigh Gaelach, U. intermedia) atá cosúil le U. minor ach go bhfuil na lamhnáin go léir ar ghas amháin (faoin uisce) agus na duilleoga go léir ar ghas eile (faoin uisce)1. D’fhéadfadh gur U. intermedia atá sna híomhánna thíos mar nach ndearna mé scrúdú ar an ngas faoin uisce.

  1. Rose, F., O’Reilly, C., Smith, D. P., & Collings, M. (2006). The wild flower key: how to identify wild flowers, trees and shrubs in Britain and Ireland. Frederick Warne.