You are currently viewing Cam an Ime

Cam an Ime


Tá Cam an Ime ar cheann de na bláthanna is coitianta in Éirinn. Tosaíonn sé ag bláthú ó mhí Bhealtaine ar aghaidh go deireadh an tsamhraidh. Tá trí chineál Cam an Ime a fhásann go forleathan in Éirinn, an Fearbán Reatha (Ranunculus repens), an Fearbán Féir (Ranunculus acris) agus an Tuile Thalún (Ranunculus bulbosa). Mar is léir ón gcéad fhocal san ainm Laidine, tá siad ar fad sa ngéineas (géineas) Ranunculus. Ciallaíonn Ranunculus “frog beag”, agus is dócha go bhfuair siad an t-ainm seo mar go bhfaightear iad go minic i ngnáthóga taise, in éineacht leis na froganna.

Is in ithir throm, thais a fhaightear na plandaí seo, den chuid is mó. Cuireann siad stólain amach as a bhfásann fréamhacha chun plandaí nua a chruthú. Scaipeann siad go héasca má tá an talamh fliuch agus gan mórán draenála ar fáil. Bíonn iliomad feithidí, idir mhíoltóga, meachain agus ciaróga ag triail ar neachtar an bhlátha seo.

In ainneoin go mbreathníonn siad cosúil lena chéile, tá bealaí éagsúla chun na plandaí seo a aithint óna chéile.

Duilleoga

Seipil

Is furasta an Tuile Thalún a aithint ón dá speiceas eile má bhreathnaítear ar an seipeal. Tá na seipil ar an Tuile Thalún iompaithe síos i dtreo ghas an phlanda, ach tá na seipil ar an bhFearbán Féir agus an Fearbán Reatha crochta faoi pheitil an bhlátha.