Cósta Duirlinge

Mar aon le cósta gainimh, is cósta athraitheach é an cósta duirlinge, agus is minic é a bheith réabtha agus scriosta ag stoirmeacha, go háirithe nuair a bhíonn taoille rabharta ann. Dá thoradh, níl in ann fás sa ghnáthóg fhiáin seo ach líon teoranta plandaí, agus bíonn formhór acu ag fás go hard os cionn bharr an láin mhara, nó san fhoscadh ar an mbruach níos gaire do na garrantaí intíre. Is é oibriú na maidhmeanna a thugann an cruth mín, sféarach do chlocha duirlinge, agus bíonn an chuid is mó díobh níos lú ná 256mm ar leithead.

Is minic a fhaightear meascán de phlandaí difriúla ar chósta duirlinge, mar go mbíonn gnáthóga éagsúla in aice láimhe. Faightear plandaí ar an duirling atá inniúil ar ghaineamh freisin, amhail an lus Bealtaine mara agus lus an tsailte. Is planda ramhardhuilleach é lus an tsailte, oiread le go leor plandaí cósta eile. Tugann sé seo cosaint dóibh mar gur minic iad tumtha in uisce sáile.

Ar an gcladach níos faide siar ón bhfarraige, faightear plandaí a scaipeann anuas ar an duirling ón talamh féaraigh thart timpeall, eibheann, an drioball rí, an duán ceannchosach agus an créachtach ina measc. Bíonn sceacha cósta, amhail an draighean, le feiceáil ag fás ar an duirling freisin agus le blianta beaga anuas, tá an meacan mara, planda mór ionrach le bláthanna buí, tar éis scaipeadh go forleathan ar chósta duirlinge na tíre.

Plandaí ar an Duirling

An Bhlide Mhara
Suaeda maritima

An Biolar Trá
Cochlearia officinalis

An Briosclán
Potentilla anserina

An Cearrbhacán Mara
Cakile maritima

An Chabróis Mhara Mhór
Spergularia media

An Coireán Mara
Silene dioica

An Créachtach
Lythrum salicaria

An Cuileann Trá
Eryngium maritimum

An Drioball Rí
Geranium robertianum

An Eilifleog Leathan
Atriplex prostrata

An Eilifleog Phlúrach
Atriplex laciniata

An Gaineamhlus Mara
Honckenya peploides

An Lus Bealtaine Mara
Tripleurospermum maritimum

An Meacan Mara
Raphanus raphanistrum fosp. maritimus

An Phraiseach Thrá
Crambe maritima

An Ráib
Brassica napus

An tEibheann
Hedera hibernica/helix

An tIalus Fáil
Calystegia sepium

Laíon na Trá
Beta vulgaris fosp. maritima

Póiríní Seangán
Sedum anglicum

Similar Posts