Eolas faoin Suíomh

Tugann an suíomh seo léargas ar phlandaí (flóra) coitianta agus neamhchoitianta atá ag fás in Éirinn. Tá an suíomh dírithe den chuid is mó ar phlandaí le bláthanna, ach tá raithneach agus feamainn ann freisin.

Tá leathanach ar leith ag gach planda (mar shampla an Athair Thalún), ina bhfuil ainmneacha éagsúla an phlanda, chomh maith gailearaí d’íomhánna den planda.

Liosta na bPlandaí

liosta (nó bunachar) ar an suíomh ina bhfuil sonraí éagsúla tugtha do gach planda. Táthar ag cur leis an liosta seo de réir a chéile.

Gnáthóga

Feictear go bhfuil tábhacht ar leith le gnáthóga chun plandaí a aimsiú agus a aithint. Tá riar mhaith gnáthóga i gceantar Chois Fharraige, agus baineadh úsáid as córas rangaithe Fossitt (2000) – le fáil ar an suíomh seo – chun na gnáthóga seo a ainmniú, cé go bhfuil simplíú déanta ar chuid acu.

Ainmneacha

Faoi láthair, tugtar tús áite don ainm is mó atá in úsáid i gceantar Chois Fharraige, ach déantar iarracht na hainmneacha go léir atá ag na plandaí éagsúla a liostáil.