Lus Bainne Mara
Lysimachia maritima
Sea Milk-wort
Is bláth beag cladaigh é seo, Lus an tSailte, nó Lus an Bhainne (Lysimachia maritima). Tá sé le fáil ar fud an chósta.
Sílim go bhfuil na bláthanna in ann a bheith nios mó ná mar atá le feiceáil sna híomhánna seo, ach b’fhéidir go gcoinníonn cósta sceirdiúil Cois Fharraige iad faoi chois.
Is planda ramhardhuilleach é, maraon le go leor plandaí cósta eile. Tugann sé seo cosaint dóibh mar go mbíonn siad tumtha go minic in uisce sáile.
Tá an bplanda sa ngéineas céanna le Lus Cholm Cille (Lysimachia nemorum).