You are currently viewing An Mhuiríneach

An Mhuiríneach

Dath Bláth:
Cineál Planda: , ,
Fine:
Gnáthóg: ,
Faoi Bhláth:
Stádas:
Úsáid: , ,
Béaloideas:
Fairsinge:

Ammophila arenaria

Marram Grass; Sea-bent

Níl dumhcha móra gainimh ar chósta Chois Fharraige – tá clocha duirlinge níos coitianta – ach tá áit nó dhó ann leis an ndóthain gainimh bailithe le chéile go bhfásfaidh Muiríneach (Ammophila arenaria) ann.

Is iad fréamhacha an fhéir seo a dhaingníonn agus a láidríonn na dumhcha, ionas nach féidir leis an ngaoth agus an fharraige iad a réabadh óna chéile arís. Tar éis don mhuiríneach greim a fháil sa ngaineamh, tosaíonn plandaí eile ag fás sa ngnáthóg seo de réir a chéile, ina measc an Bolach Cnis (Galium verum), an Slánlus (Plantago lanceolata) agus bláthanna fiáine eile. Tá an cód CD2 (Marram Dune) in úsáid ag Julie A. Fossit (A Guide to Habitats in Ireland, 2007) don chineál ghnáthóg seo.

D’úsáidtí an Mhuiríneach i dtuíodóireacht agus chun eangacha a dhéanamh, ach scriostar na dumhcha má bhaintear an iomarca de. Cuirtear é (san áit ina bhfuil gaineamh flúirseach) mar chosaint in aghaidh creimeadh cósta.

Béaloideas

Ceirdeanna agus Cothú an Tí

D’úsáidtí an Mhuiríneach i dtuíodóireacht agus chun eangacha a dhéanamh.