Méara Muire
Anthyllis vulneraria
Kidney Vetch
Seo’d planda, Méara Mhuire nó Méara Muire (Anthyllis vulneraria) atá éasca le haithint anois agus é faoi bhláth. Bíonn sé buí go hiondúil, ach scaití oráiste, nó fiú dearg.
Cé go bhfuil sé le fáil ar fud na hÉireann, is túisce go n-aimseofá é in aice an chósta, agus tá sé réasúnta forleathan i gCois Fharraige.
Tá cuma na duáin ar na bláthanna, agus is uaidh sin a fuair sé an t-ainm Béarla. Ciallaíonn “vulneraria” “cneasú gortaithe” agus bhí an cháil seo, mar leigheas, ar an bplanda fadó.





