Ialus Mór
Calystegia sepium
Hedge Bindweed; Great Bindweed
Bíonn Cois Fharraige brataithe ag an Ialus Fáil (Calystegia sepium) a samhradh. Tosaíonn na féitheanna seo ag fás (an-sciobtha) san earrach, agus sula bhfad tosaíonn na bláthanna bána agus bándearaga ag oscailt.
Is plandaí dreaptha iad seo, agus beireann siad greim ar raithneach, driseacha agus fiailí eile lena mbealach a dhéanamh suas i dtreo na gréine.
Faightear ar an duirling freisin iad, ag fás i measc na cloch.

