It seems we can’t find what you’re looking for. Perhaps searching can help.
Tá 98 géineas agus 1350 speiceas sa bhfine Celestraceae, agus tá formhór acu i gceantair thropiceacha. Níl dúchasach in Éirinn ach dá ghéineas seo, Euonymus agus Parnassia., agus is an difriúil óna chéile atá siad.
Is crainnte, sceacha, nó féitheacha adhmadacha síorghlasa nó duillsilteacha iad na plandaí sa ngéineas Euonymus[1] a fhásann sa leathsféar thuaidh. [2] Tá timpeall 130 speiceas a ngéineas, agus is in oirthear na hÁise atá formhór na speiceas, ach faightear i Meiriceá, san Astráil agus san Eoraip iad.[3]Níl dúchasach in Éirinn ach speiceas amháin, an feoras (Euonymus europaeus) cé go bhfuil roinnt cineálacha eile curtha i bpáirceanna agus gairdíne mar crainnte agus sceacha ornáide. Tugtar feorais (spindles, i mBéarla) ar na cineálacha crainnte sa ngéineas, cé go dtugtar feoras freisin ar an gceann dúchasach atá in Éirinn. Cé go mbíonn bláthanna beaga neamhfheiceálacha ar feorais, bíonn na torthaí, caora uathúla, suntasach, agus tagann dathanna álainn ar na duilleoga sa bhfómhar. Cuirtear ar chrainnte ornáide iad mar go dtagann dathanna tarraingteacha ar dhuilliúr na bplandaí san fhómhar agus mar ar dhathanna uathúla ar a gcuid torthaí.
Is crann beag nó sceach atá sa bhfeoras Seapánach (Euonymus japonicus) a fhástar i ngairdíní i nÉirinn, go háirithe i gceantair cósta, agus a shíolraíonn go fiáin i gCo. Loch Garman.[4] Is crann síorghlas é a fhástar go minic mar fhál. Is núíosach freisin é Euonymus latifolius. Maraon le feorais eile, fástar é mar gheall ar dhathanna mórthaibhseacha an duilliúir sa bhfómhar.
Is plandaí beaga Artacha agus Alpacha atá sa ngéineas, Parnassia, atá freisin sa bhfine Celestraceae. Tá speiceas amháin sa ngéineas seo, an fhionnscoth (Parnassia palustris) , nó an fionnán bán,[5] a fhásann go dúchasach in Éirinn. Tagann bláthanna bána le cúig pheitil amach ar an bplanda seo sa samhradh. Fásann sé in ithir fhliuch san iarthair agus i lár na tíre.[4]
It seems we can’t find what you’re looking for. Perhaps searching can help.