You are currently viewing Dréimire Mhuire

Dréimire Mhuire

Dath Bláth:
Cineál Planda: ,
Fine:
Gnáthóg:
Faoi Bhláth: ,
Stádas:

Centaurium erythraea

Common Centaury

Bíonn Dréimire Mhuire (Centaurium erythraea) faoi bhláth i gCois Fharraige i mí Iúil – agus é le feiceáil in áiteanna atá tirim nó gainmheach. Tá sé feicthe agam i bhfoisceacht cúpla slat den duirling. Dúnann na peitil bándearga nuair nach bhfuil an ghrian ag taitneamh.

Ta Céad Duilleach agus Crobhán Muire ag Mac Coitir (Ireland’s Wild Plants, 2006) mar ainmneacha don bhláth seo. Tá Dréimire Mhuire aige freisin, seachas Dréimire Muire (atá caighdeánach ag www.tearma.ie). Sílim go bhfuil Dréimire Mhuire níos nádúrtha i gCois Fharraige ná Dréimire Muire (ach an oiread le hainmneacha plandaí eile ar nós Aiteann Mhuire agus Méara Mhuire), ach is tuairim phearsanta í sin.

Tá bláthanna an phlanda seo an-tarraingteach, agus nuair atá an ghrian amuigh, is deacair droch-phictiúir ó thógáil dhó.