Cósta Gainimh
Tá cineálacha éagsúla gnáthóg gainimh ar chóstaí na hÉireann. Déantar idirdhealú idir réileáin láibe, le cáithníní beaga gainimh níos lú ná 1mm, agus tránna, le cáithníní gainimh níos mó ná sin. Is gnáthóga ar leith iad dumhcha gainimh, carnáin mhóra a bhíonn in uachtar cladaigh. Is minic a bhíonn mósáic de ghnáthóga éagsúla — idir charraigeacha cósta, dhumhcha, dhuirlingí agus tránna — mar chuid de chósta gainimh.
Tá an mhuiríneach mar chuid lárnach d’éiceachóras dumhcha gainimh. Is iad fréamhacha an fhéir seo a dhaingníonn agus a láidríonn na dumhcha, ionas nach féidir leis an ngaoth agus an fharraige iad a réabadh óna chéile arís. Tar éis don mhuiríneach greim a fháil sa ghaineamh, tosaíonn plandaí eile ag fás sa ghnáthóg seo de réir a chéile, ina measc an boladh cnis, an luibh bhléine agus bláthanna fiáine eile.
Is súmharán — planda ramhardhuilleach atá in ann fíoruisce a stóráil ina chuid duilleog — atá sa ghaineamhlus mara, planda inite. Tá súmharáin coitianta i dtimpeallachtaí sáile. Tá gaol sinsearachta ag planda inite eile atá le fáil i ngnáthóga gainimh, laíon na trá, le glasraí tábhachtacha amhail an meacan biatais, an biatas siúcra agus an biatas bán. Sula raibh torthaí citris forleathan, ba ghnách le mairnéalaigh an biolar trá a thabhairt leo ar aistir farraige leis an ngalar scorbaigh a sheachaint.




















