You are currently viewing An tSú Talún Fhiáin

An tSú Talún Fhiáin

Dath Bláth:
Cineál Planda: ,
Fine:
Gnáthóg: ,
Faoi Bhláth:
Stádas:
Inite?: , ,

Lus sútha talún fiáine

Fragaria vesca

Wild Strawberry

Níl mórán torthaí áitiúla atá chomh blasta leis an Sú Talún Fhiáin (Fragaria vesca), a bhláthaíonn san Earrachi gCois Fharraige. Is planda ilbhliantúil é agus úsáideann sé reathairí le go scaipeadh plandaí nua ón mbunphlanda.

Feictear go minic iad ar thaobh na mbóithríní nó, sa gcás seo, sa bhféar timpeall ar leacracha móra. Cé go mbíonn an planda é fhéin go minic sa scáth, bíonn grian ag teastáil le go mbeidh siad torthúil. Tosaíonn torthaí ag teacht ó mhí Bealtaine ar aghaidh.

Má fheiceann tú iad ag fás, tabhair aire mhaith dhóibh, agus beidh torthaí beaga blasta agat bliain i ndiaidh bliana.