Juncus Effusus
Soft Rush
Tá ar a laghad trí chineál Luachair (speiceas Juncus) ag fás i gCois Fharraige.
Fásann Luachair Bhog i dtalamh fhliuch.
Béaloideas
Is leis an Luachair Bhog is fearr a dhéantar Crois Bhríde. Tá an gas fada, láidir agus éasca le hionramháil. Fásann sé i dtomacha níos dlúithe ná speicis eile luachra, agus is furasta do dhóthain a bhailiú le crois bhreá a dhéanamh.