Táthfhéithleann; Féithleann
Lonicera periclymenum
Honeysuckle
Tosaíonn duilleoga ag teacht ar an bhFéithleog luath sa mbliain (timpeall lár mí Eanáir).
Fásann an planda seo ar chlaíocha agus sna sceacha i gCois Fharraige. Tá boladh álainn ón mbláth sa samhradh. Ach an oiread le go leor plandaí fiáine eile, bíonn meachain agus feithidí eile ag brath ar na bláthanna, agus taitníonn na caora dearga leis na héin sa bhfómhar.

