Na Sicíní
Lotus corniculatus
Common bird’s-foot-trefoil
Cé go bhfuil dath buí ar an gCrobh Éin (Lotus corniculatus) nuair atá sé faoi bhláth, bíonn dathanna dearga le feiceáil nuair atá na bláthanna óga ag oscailt, mar a léiríonn cuid de na híomhánna thíos.
Tá an planda seo sa bhfine Fabaceae, in éineacht le piseanna, seamair agus peasair éagsúla. Bíonn na síolta i bhfaighneoga beaga a bhreathnaíonn cosúil le croibh éin.
Taitníonn Cois Fharraige an oiread sin leis an bplanda seo – tá neart clocha nochtaithe agus talamh bhocht thart, le gur féidir leis an mbláth éalú on bhféar fada.




