Machairí Mara

Is ionann machairí mara agus córais ghainmheacha, dhinimiciúla agus aithnítear mar thírghnéithe nádúrtha iad arna gcruthú mar gheall ar chreimeadh na gaoithe agus innilt beostoic. Achadh réidh, gainmheach, cósta is ea an machaire mara. Is i limistéir farraige a bhíonn fáil orthu áit a bhfuil aeráid fhionnuar, thais agus créafóg ar mhórán aoil. Bíonn éagsúlacht lusanna san fhásra, agus is beag de na speicis a bhíonn ann a bhfuil an cumas acu gaineamh a sháinniú.

Ní fhaightear an ghnáthóg seo ach ar shuíomhanna sceirdiúla idir Cuan na Gaillimhe agus Cionn Mhálanna in Éirinn, agus ar chósta iarthuaiscirt na hAlban. Áirítear an feisciú dearg, an crobh éin, an slánlus, an nóinín, an chíb ghainimh, an boladh cnis, agus an tseamair bhán ar na speicis a fhásann ar an machaire mara.

Plandaí ar Mhachairí Mara