You are currently viewing An Dúmheidic

An Dúmheidic

Dath Bláth:
Cineál Planda: ,
Fine:
Gnáthóg: ,
Faoi Bhláth: , ,
Stádas:

Medicago lupulina

Black Medic

Tugtar “seamróga” ar go leor plandaí éagsúla, agus go stairiúil is cosúil go mbídís go léir in úsáid ar Lá ‘le Pádraig. Is dóigh nach bhfuil speiceas na Seamróige chomh tábhachtach sin mar nach gcuirtear an bhéim ach ar chruth na duilleoige, agus ní bhíonn aon bhláth ar an bplanda an ar 17ú Márta.

Tá an tSeamair Bhuí (Trifolium dubium) ar an gceann is coitianta atá in úsáid. Bhaintí úsáid as an Dúmheidic (Medicago lupulina), an tSeamair Bhán (Trifolium repens), agus an tSeamair Dhearg (Trifolium pratense) freisin, chomh maith leis an tSeamair Dhuimhche (Trifolium campestre) agus an tSeamsóg, nó an tSeamair Choille (Oxalis acetosella). Ní bhreathnaítear ar an tSeamsóg mar fhíor-sheamróg, cé go bhfuil an duilleog an-chosúil leis na bplandaí eile.

Deirtear gur uaidh “Seamair Óg” (mar go mbíonn siad óg i mí an Mhárta) a tháinig an focal “Seamróg”.

Tá an Dúmheidic cosúil leis an tSeamair Bhuí (Trifolium dubium), seachas go bhfuil cruth níos triantánaí ar dhuilleoga M. lupulina, agus go mbíonn torthaí dubha na Dúmheidice le feiceáil nuair a thréigtear na bláthanna. Is uaidh seo a tháinig an t-ainm.