You are currently viewing Giolcach

Giolcach

Dath Bláth:
Cineál Planda: , ,
Fine:
Gnáthóg:
Faoi Bhláth:
Stádas:

Phragmites australis

Common Reed

Fásann Giolcach (Phragmites australis) ar thalamh fhliuch i gCois Fharraige. Tá go leor de le feiceáil sna garrantaí is gaire don fharraige mar gurb iad is fliche. Bailíonn an t-uisce a thagann anuas ón bportach anseo, mar nach bhfuil bealach éasca ann tríd na clocha duirlinge. Ní chuireann an sáile as don ghiolcach.

Fanann gasanna giolcaí ina seasamh sa ngeimhreadh, agus is gnáthóg thábhachtach an giolcarnach (áit ina bhfuil go leor giolcach) do héin agus d’ainmhithe eile i gcaitheamh na bliana.