You are currently viewing An Leith Uisce Bheag

An Leith Uisce Bheag

Dath Bláth:
Cineál Planda: , ,
Ord:
Fine:
Géineas:
Gnáthóg: ,
Faoi Bhláth: ,
Stádas:

Pinguicula lusitanica

Pale Butterwort

Is planda feoilsúiteach é an Leith Uisce Bheag (Pinguicula lusitanica). Maraon leis an drúchtín gréine, tá an planda seo le feiceáil ar phortach Chois Fharraige.

Tá bláth beag bán air, le spor feiceálach. Tá na duilleoga ramhar agus greamaitheach, agus beireann siad greim ar fheithidí má shiúlann siad orthu. Cosúil leis an drúchtín, filleann na duilleoga isteach ar a chéile le nach féidir leis an gcreach éalú.

Díleáitear an fheithid go dtí nach bhfuil fanta ach crotal, a fhuadaítear sa ngaoth.