You are currently viewing An Slánlus

An Slánlus

Dath Bláth:
Cineál Planda: ,
Fine:
Géineas:
Gnáthóg: , ,
Faoi Bhláth: , ,
Stádas:
Béaloideas:

Plantago lanceolata

Ribwort plantain

Tá an Slánlus (Plantago lanceolata) le feiceáil i raon leathan gnáthógaí i gCois Fharraige, an cósta san áireamh. Sílim nach mbreathnaíonn daoine ar an bplanda seo mar bhláth, in ainneoin go mbíonn an planda faoi bhláth i gcaitheamh an tsamhraidh.

Bhíodh (bíonn fós) gasúir ag imirt saighdiúirí leis an bplanda seo, in iomaíocht in aghaidh a chéile leis an gcloigeann a bhaint den ghas, agus tugtar Saighdiúirí fós ar na plandaí seo.

Tá go leor béaloidis luaite leis an slánlus ar www.duchas.ie, go háirithe mar ábhar leighis.  

Tá an Slánlus Mara (Plantago maritima) coitianta sa gceantar freisin – ní mholfainn saighdiúirí a imirt leis – agus feicim Cuach Phádraig (Plantago major) sa gceantar freisin, ach nílim cinnte an bhfuil sé fairsing.

Cluichí agus Caitheamh Aimsire

Bhíodh (bíonn fós) gasúir ag imirt saighdiúirí leis an bplanda seo, in iomaíocht in aghaidh a chéile leis an gcloigeann a bhaint den ghas, agus tugtar Saighdiúirí fós ar na plandaí seo.