You are currently viewing An Bainne Bó Bleachtáin

An Bainne Bó Bleachtáin

Dath Bláth:
Cineál Planda: ,
Fine:
Géineas:
Gnáthóg: ,
Faoi Bhláth:
Stádas:

Sabhaircín

Primula vulgaris

Common Primrose

Tugann daoine éagsúla (nó tugtar in áiteanna ar leith) i gCois Fharraige Bainne Bó Bleachtáin ar an Primula vulgaris (Primrose), agus tugtar Crúibíní Cait ar an Primula veris (Cowslip).

Lasmuigh de Chois Fharraige (agus b’fhéidir lasmuigh de Chonamara) tá t-ainm Sabhaircín níos minice in úsáid don Primula vulgaris, agus Bainne Bó Bleachtáin atá ar an Primula veris (Cowslip).

Tá an dá bhláth seo sa gclann céanna (Primulaceae), cros-síolraíonn siad agus scaití feictear hibridí dóibh ag fás. Tá an Baisleach Bréige (Primula x polyantha, nó False Oxlip) luaite mar ainm Gaeilge ar an hibrid seo, ach nílim cinnte an bhfuil sé in úsaid sa gcaint go háitiúil anseo.

Tagann bláth ar an mBainne Bó Bleachtáin sula mbíonn bláth ar Chrúibíní Cait.