Primula x polyantha
False Oxlip
Is hibrid atá sa mbláth seo idir an Bainne Bó Bleachtáin/Sabhaircín (Primula vulgaris) agus Crúibíní Cait/Bainne Bó Bleachtáin (Primula veris). Tugtar Baisleach Bréige air mar go mbreathnaíonn sé cosúil leis an mBaisleach (Primula elatior), nach bhfásann go fiáin in Éirinn.
Tá an bláth seo ag fás sa ngarraí in Indreabhán, agus tá neart P. vulgaris agus P. veris ag fás thart timpeall na háite (cé go dtagann bláth ar P. vulgaris níos luaithe ná P. veris).



