Talamh Féaraigh

Níl mórán gnáthóga nádúrtha féaraigh in Éirinn mar gheall ar aeráid na tíre agus tionchar na talmhaíochta. Nuair a ligtear garraí féir dul i bhfiántas, is iondúil go ndéantar scrobarnach, móinteach nó coillearnach de. Ach éiríonn le go leor plandaí éagsúla, nach féar iad, fás a dhéanamh sna garrantaí agus sna páirceanna má choinnítear beostoc amach astu ar feadh scaithimh.

Tugtar ‘seamróga’ ar go leor plandaí éagsúla mar gheall ar chruth na nduilleog, an tseamair bhuí, an dúmheidic, an tseamair bhán agus an tseamair dhearg ina measc, agus tá siad go léir le fáil ar thalamh féaraigh. Tá an nóinín coiteann héileatrópach — bíonn sé i gcónaí dírithe i dtreo na gréine. Tá riosóim aige, sin gas faoi thalamh a fhásann go cothrománach tríd an gcréafóg. Fásann plandaí nua ón riosóm agus is mar seo a scaipeann an nóinín go dtí go bhfuil an garraí iomlán brataithe leo.

Bíonn bláthanna móra bána flúirseach ar thalamh féaraigh freisin, amhail an pheirsil bhó, an feabhrán agus an cúlarán. Tá siad go léir sa chlann plandaí céanna, an fine Apiaceae, in éineacht le plandaí nimhneacha cosúil leis an moing mhear agus plandaí contúirteacha eile le fótatocsainí, amhail an feabhrán capaill.

Is ar imill gharraí nó plásóg féir a fheictear an chluas luchóige choiteann agus is ar thalamh féaraigh freisin a fheictear an caisearbhán ag fás go flúirseach. Tá os cionn 250 speiceas de chaisearbháin aimsithe in Éirinn, agus is plandaí tábhachtacha iad do phailneoirí nuair a thagann na bláthanna buí amach luath sa bhliain, ag am nuair nach mbíonn mórán beatha eile ar fáil.

Plandaí ar Thalamh Féaraigh

An Athair Thalún
Achillea millefolium

An Bainne Bó Bleachtáin
Primula vulgaris

An Baisleach Bréige
Primula x polyantha

An Bleachtán Mín
Sonchus oleraceus

An Brómas Bog
Bromus hordeaceus

An Buachalán Buí
Jacobaea vulgaris

An Caisearbhán
Taraxacum spp.

An Chaochneantóg Dhearg
Lamium purpureum

An Cheathrú Uain
Valerianella locusta

An Chíb Liathghorm
Carex flacca

An Chluas Luchóige Choiteann
Cerastium fontanum

An Chluas Luchóige Ghreamaitheach
Cerastium glomeratum

An Chopóg Chatach
Rumex crispus

An Chrág Phortáin
Scorzoneroides autumnalis

An Chrág Phortáin Gharbh
Leontodon hispidus

An Chúig Mhéar Mhuire
Potentilla reptans

An Créachtach
Lythrum salicaria

An Créachtlus Fáil
Stachys sylvatica

An Cuise Garbh
Poa trivialis

An Cuise Reatha
Poa pratensis

An Cúlarán
Conopodium majus

An Duán Ceannchosach
Prunella vulgaris

An Dúmheidic
Medicago lupulina

An Feabhrán
Heracleum sphondylium

An Féar Capaill
Phleum pratense

An Féar Cumhra
Anthoxanthum odoratum

An Feisciú Dearg
Festuca rubra

An Fhliodh
Stellaria media

An Garbhfhéar
Dactylis glomerata

An Ghlúineach Dhearg
Persicaria maculosa

An Giúnach Léana
Luzula campestris

An Gliográn
Rhinanthus minor

An Grúnlas
Senecio vulgaris

An Hocas Tae
Odontites vernus

An Lus Cré
Veronica officinalis

An Lus Cré Balla
Veronica arvensis

An Lus Cré Garraí
Veronica persica

An Lus Cré Réileán
Veronica filiformis

An Lus Cúráin Mín
Crepis capillaris

An Magairlín Mór
Dactylorhiza incarnata

An Mealbhacán
Daucus carota

An Méaracán Gorm
Campanula rotundifolia

An Nóinín
Bellis perennis

An Pheirsil Bhó
Anthriscus sylvestris

An Samhadh Bó
Rumex acetosa

An Slánlus
Plantago lanceolata

An tSeagalach Bhuan
Lolium perenne

An tSeamair Bhán
Trifolium repens

An tSeamair Bhuí
Trifolium dubium

An tSeamair Dhearg
Trifolium pratense

An tSeamair Dhuimhche
Trifolium campestre

An tSú Talún Bhréige 
Potentilla sterilis

An tSú Talún Fhiáin
Fragaria vesca

An Tursarraing Bheag
Stellaria graminea

An Tursarraing Mhór
Stellaria holostea

Cluas Chait
Hypochaeris radicata

Coirce Bréige
Arrhenatherum elatius

Crúibíní Cait
Primula veris

Féar an Chinn Bháin
Holcus lanatus

Lus na Treacha
Veronica serpyllifolia

Searbh na Muc
Pilosella officinarum

Tráithnín Coinfhéar
Cynosurus cristatus

Similar Posts