You are currently viewing An tAiteann Gallda

An tAiteann Gallda

Dath Bláth:
Cineál Planda: , ,
Géineas:
Gnáthóg: ,
Faoi Bhláth: ,
Stádas:
Úsáid: , ,

Aiteann Francach

Ulex europaeus

Gorse; Whin; Furze

Tá an planda seo flúirseach i gCois Fharraige, ón bportach síos beagnach go cladach. Scaipeann sé go héasca agus tá sé deacair ag aon phlanda eile dul in iomaíocht leis. Bíonn aiteann ag fosú nítrigine – tógann siad an gás sin ón aer agus, le cúnamh ón mbaictéir Rhizobium, stóráiltear é sna fréamhacha. Cuidíonn an próiseas seo le haiteann fás i ndroch-chréafóg.

Tá an tAiteann Gaelach (Ulex gallii) ag fás i gCois Fharraige freisin. Tá an t-aiteann seo níos lú, agus tagann bláth air níos deireanaí sa mbliain – Iúil go deireadh an Fhómhair go hiondúil. Ach is minic a fheictear an dá chineál aiteann seo faoi bhláth lasmuigh de na tréimhsí aitheanta sin.