Aiteann Mín
Ulex gallii
Western Gorse; Autumn Gorse
Tá an planda seo flúirseach i gCois Fharraige, ón bportach síos beagnach go cladach. Scaipeann sé go héasca agus tá sé deacair ag aon phlanda eile dul in iomaíocht leis. Bíonn aiteann ag fosú nítrigine – tógann siad an gás sin ón aer agus, le cúnamh ón mbaictéir Rhizobium, stóráiltear é sna fréamhacha. Cuidíonn an próiseas seo le haiteann fás i ndroch-chréafóg.
Tá an tAiteann Gallda (Ulex europaeus) ag fás i gCois Fharraige freisin. Tá an t-aiteann seo níos mó, agus tagann bláth air ag amanna éagsúil ón Aiteann Gaelach.