Veronica officinalis
Heath Speedwell; Common Speedwell
Seo planda eile sa ngéineas Veronica, an Lus Cré (Veronica officinalis), in éindí leis an Anuallach (V. chamaedrys) agus Lus an Treacha (V. serpyllifolia).
Tá cruth triantánach air, agus seasann sé in airde go díreach as a stuaim fhéin. Tá dath líológ nó gorm geal air, le hais an gorm saibhir dorcha atá go minic ar an Anuallach.
Is ilbhliantóg é agus tugtar Heath Speedwell air i mBéarla, a thugann le fios go dtaitníonn créafóg aigéadach leis.





