Lus cré réileán
Veronica persica
Common Field-speedwell; Persian Speedwell
Tá bláth bán/gorm/corcra ar an Lus Cré Garraí (Veronica persica). Ní fheicim go bhfuil an speiceas seo chomh coitianta leis an Anuallach/Lus Cré Talún (Veronica chamaedrys) i gCois Fharraige. Tagann bláth ar V. chamaedrys níos deireanaí san earrach, agus bíonn sé le feiceáil i gcaitheamh an tsamhraidh ar thaobh an bhóthair.
Tá go leor lusanna cré ag fás in Éirinn – Lus Cré Garraí, Talún, Liath, Léana, Coiteann, agus Corraigh ina measc. Go dtí seo tá an Lus Cré Garraí, Anuallach/Lus Cré Talún, agus an Lus Cré Coiteann (Veronica officinalis) feicthe agamsa i gCois Fharraige agus curtha ar an suíomh Flóra Chois Fharraige – ach seans maith go bhfuil níos mó speiceas Veronica ag fás go fiáin sa gceantar.
