Coillte Dúchasacha
Níl Éirinn brataithe le crainn mar a bhí fadó, ach is gnáthóga tábhachtacha fós iad coillte agus coillearnaigh dúchasacha na tíre. Is gnáthóga leathnádúrtha iad formhór na gcoillte dúchasacha in Éirinn. Ciallaíonn sé seo go raibh lámh ag an duine á mbainistiú ag leibhéal éigin—go hiondúil chun adhmad a sholáthar—fiú má tá na céadta blianta caite ó tharla sé seo.
Cé gur oileán beag í, maítear go bhfuil thart ar seacht gcineál de choillte dúchasacha in Éirinn. Déantar idirdhealú orthu bunaithe ar na coinníollacha ina bhfásann siad, agus ar na cineálacha crann a fhásann iontu. Mar shampla, fásann an dair ghaelach, an bheith chlúmhach agus an cuileann i gcoillte ar chréafóg aigéadach. Fásann an dair ghallda in éineacht leis an bhfuinseog agus an coll ar chréafóg alcaileach. Tá coillte iúir agus coillte bruachánacha i measc na gcineálacha coill eile atá in Éirinn freisin.
Fásann plandaí uathúla i gcoillte. Is minic a thagann bláthanna orthu san earrach mar go mbíonn solas na gréine níos láidre ar shraith talún na coille sula n-osclaíonn duilleoga na gcrann. I measc na bplandaí atá coitianta i gcoillte dúchasacha na hÉireann tá an nead choille, an bodán coille, agus lus an tsagairt.
































