You are currently viewing Locháin Phortaigh

Locháin Phortaigh


Is gnáthóga ar leith iad locháin phortaigh, gnáthóga atá éagsúil ó phortach báite, dhraentacha, agus lagphoill uisciúil. Tá roinnt locha ar phortaigh Chois Fharraige agus faightear plandaí ag fás iontu nach bhfuil le fáil i mórán áiteanna eile sa tír.

Tá go leor den fhlóra seo, plandaí amhail Phlúr an Locháin agus an Píbín Uisce, leochaileach agus ag braith ag uisce ghlan, saor ó thruailliú. Fásann plandaí éagsúla sa talamh bhog ar bhruacha na lochán, tá plandaí eile leath-bháite san uisce éadomhain, agus fásann plandaí amháin an Duilleog Bháite agus an Duilleog Bháite Bhán san uisce domhain, lena gcuid gasanna ag síneadh trí mhéadar nó níos mó síos san uisce dhorcha go dtí na rútaí i grinneall na locha.

Plandaí i Locháin Phortaigh