Dumhcha

Dumhcha i dtús fáis

Is mullóga ísle gainimh iad dumhcha aistreacha i dtús fáis. Is iondúil go bhfaightear na dumhcha beaga seo idir líne na hairde mara agus na dumhcha níos mó a bhíonn leathchobhsaithe. Is gnáthóga éagobhsaithe iad ina mbíonn gaineamh séidte coitianta agus bíonn siad fós leochaileach d’ionsá uisce sáile.

An chéad chéim d’fhoirmiú dumhcha a bhíonn i gceist leo agus cruthaítear iad in áit a gcarnann gaineamh thart ar fheamainn a bhíonn caite suas ag an taoide, agus timpeall ar speicis atá in ann ag salann, amhail an cearrbhacán mara, an gaineamhlus mara, lus an tsalainn (Salsola kali), an táithean (Leymus arenarius) agus an broimfhéar gainimh. Is minic gur gnáthóga gearrshaolacha iad mar go bhfuil stoirmeacha nó taoidí arda in ann iad a scrios.

Fordhumhcha

Bíonn fordhumhcha leathchobhsaithe agus is í an mhuiríneach an planda is coitianta orthu. Bíonn fordhumhcha níos airde ná dumhcha i dtús fáis agus foirmítear iad láimh leo, i dtreo na talún.

Is í an mhuiríneach a chruthaíonn iad nuair a sháinníonn sí an gaineamh i ngréasán domhain dlúth fréamhacha. Is iondúil go bhfaightear an chíb ghainimh, an bainne léana, agus an cuileann trá  ar fhordhumhcha.

Is i suíomhanna níos foscúla fós níos faide istigh faoin tír a bhíonn na dumhcha socra. I measc na bplandaí atá coitianta ar dhumhcha socra áirítear an crobh éin, an slánlus, glanroisc, an tím chreige agus an boladh cnis.

Plandaí ar Dhumhcha

Similar Posts