Talamh Fliuch

Suite ar imeall an Atlantaigh, le haeráid mheasartha, fhionnuar, fhliuch, ní haon ionadh é go bhfuil go leor gnáthóga fliucha in Éirinn, idir locha, aibhneacha, agus phortaigh. Mar go bhfuil uisce chomh tábhachtach sin do fhlóra na hÉireann, tá bithéagsúlacht shaibhir le fáil sna gnáthóga seo. Is aigéadaí talamh fhliuch phortaigh ná talamh fhliuch eile agus déantar idirdhealú eatarthu dá réir. Cé is moite de cheantair phortaigh, tugtar bogach, eanach nó moing ar an talamh úd ina bhfuil an ithir síorfhliuch, mar gheall ar easpa draenála nó mar go bhfuil sé faoi thionchar abhann nó locha.

an giolcach coitianta in áiteanna fliucha. Fásann na plandaí seo go dlúth le chéile, agus tugann an foscadh seo tearmann sábháilte d’éin agus d’ainmhithe. Bhaintí úsáid as an ngiolcach fadó mar ábhar tógála. Is minic an seileastram, planda dúchasach le bláthanna buí, a fheiceáil ag fás ar imeall na ngiolcach.

Tá plandaí amhail an t-airgead luachra agus an fearbán reatha beagnach chomh hoiriúnach céanna ar thalamh thirim agus atá i mbogach ach, mar is léir ó ainm an phlanda, ní fhaightear an ceotharnach uisce, an falcaire uisce, ná an caorthann corraigh ach ar thalamh bháite.

Cuireann uisce reatha ar chumas plandaí scaipeadh go héasca agus go tapa, agus is ar bhruacha aibhneacha agus locha a fheictear plandaí ionracha neamhdhúchasacha amhail an seileastram dearg agus an glaschreamh ag fás go flúirseach.

Plandaí ar Thalamh Fliuch

An Bearnán Lachan
Menyanthes trifoliata

An Beathnua Fireann
Hypericum tetrapterum

An Biolar
Nasturtium officinale

An Biolar Grá
Veronica anagallis-aquatica

An Biorphiopar
Persicaria hydropiper

An Bogshifín Liath
Schoenoplectus tabernaemontani

An Buachalán Corraigh
Jacobaea aquatica

An Buafluachair
Juncus bufonius

An Cabhsadán
Stachys palustris

An Caorthann Corraigh
Valeriana officinalis

An Ceannbhán
Eriophorum angustifolium

An Ceotharnach Uisce
Myosotis scorpioides

An Chartlainn Gharraí
Mentha spicata

An Chíb Bhoilgneach
Carex vesicaria

An Chíb Ghobach
Carex rostrata

An Chíb Mhaol
Carex leporina

An Chopóg Uisce
Rumex hydrolapathum

An Cnó Léana
Comarum palustre

An Cochall
Scutellaria galericulata

An Cochall Beag
Scutellaria minor

An Créachtach
Lythrum salicaria

An Crobh Éin Corraigh
Lotus pedunculatus

An Cúilín Gaelach
Spiranthes romanzoffiana

An Dáthabha Bán
Oenanthe crocata

An Dáthabha Giolcaí
Oenanthe fistulosa

An Donnlus Uisce
Scrophularia auriculata

An Falcaire Uisce
Samolus valerandi

An Fearbán Reatha
Ranunculus repens

An Feilistrín Gorm
Sisyrinchium bermudiana

An Feorán Corraigh
Lycopus europaeus

An Fhearnóg
Alnus glutinosa

An Fhliodh Uisce
Montia fontana

An Fiastalach
Juncus acutiflorus

An Fóthnán Corraigh
Cirsium palustre

An Fóthnán Móna
Cirsium dissectum

An Gallfheabhrán
Angelica sylvestris

An Ghiolcach
Phragmites australis

An Ghlasair Léana Bheag
Ranunculus flammula

An Ghlasair Léana Mhór
Ranunculus lingua

An Ghlúineach Uisce
Persicaria amphibia

An Gunna Uisce
Apium nodiflorum

An Luachair Bhog
Juncus effusus

An Luachair Dhlúth
Juncus conglomeratus

An Lus Síoda
Silene flos-cuculi

An Mismín Mionsach
Mentha aquatica

An Néal Uisce Eidhneach
Ranunculus hederaceus

An Rú Corraigh
Galium palustre

An Rú Léana
Thalictrum flavum

An Saileachán Corraigh
Epilobium palustre

An Saileachán Liath
Epilobium parviflorum

An Scothóg Leathan
Bidens tripartita

An Searbh-bhiolar Casta
Cardamine flexuosa

An Seileastram
Iris pseudacorus

An Seileastram Dearg
Crocosmia x crocosmiiflora

An tAirgead Luachra
Filipendula ulmaria

An tSaileach Rua
Salix cinerea fosp. oleifolia

Cíb na Réaltaí
Carex echinata

Coigeal na mBan Sí
Typha latifolia

Lachán na nDamh
Juncus articulatus

Léine Mhuire
Cardamine pratensis

Lus Buí na nDreancaidí
Pulicaria dysenterica

Lus na Pingine
Hydrocotyle vulgaris

Lus na Pléisce
Impatiens glandulifera

Similar Posts