Coillte Dúchasacha

Níl Éirinn brataithe le crainn mar a bhí fadó, ach is gnáthóga tábhachtacha fós iad coillte agus coillearnaigh dúchasacha na tíre. Is gnáthóga leathnádúrtha iad formhór na gcoillte dúchasacha in Éirinn. Ciallaíonn sé seo go raibh lámh ag an duine á mbainistiú ag leibhéal éigin—go hiondúil chun adhmad a sholáthar—fiú má tá na céadta blianta caite ó tharla sé seo.

Cé gur oileán beag í, maítear go bhfuil thart ar seacht gcineál de choillte dúchasacha in Éirinn. Déantar idirdhealú orthu bunaithe ar na coinníollacha ina bhfásann siad, agus ar na cineálacha crann a fhásann iontu. Mar shampla, fásann an dair ghaelach, an bheith chlúmhach agus an cuileann i gcoillte ar chréafóg aigéadach. Fásann an dair ghallda in éineacht leis an bhfuinseog agus an coll ar chréafóg alcaileach. Tá coillte iúir agus coillte bruachánacha i measc na gcineálacha coill eile atá in Éirinn freisin.

Fásann plandaí uathúla i gcoillte. Is minic a thagann bláthanna orthu san earrach mar go mbíonn solas na gréine níos láidre ar shraith talún na coille sula n-osclaíonn duilleoga na gcrann. I measc na bplandaí atá coitianta i gcoillte dúchasacha na hÉireann tá an nead choille, an bodán coille, agus lus an tsagairt.

Plandai i gCoillte Dúchasacha

An Bheith Chlúmhach
Betula pubescens

An Bodán Coille
Sanicula europaea

An Bromas Bréige
Brachypodium sylvaticum

An Chaithne
Arbutus unedo

An Chaor Chon
Viburnum opulus

An Chíb Choille
Carex sylvatica

An Chíb Chrom
Carex pendula

An Chíb Scartha
Carex remota

An Chluas Chaoin
Arum maculatum

An Coll
Corylus avellana

An Crann Creathach
Populus tremula

An Creamh
Allium ursinum

An Cuileann
Ilex aquifolium

An Dair Ghaelach
Quercus petraea

An Dair Ghallda
Quercus robur

An Feoras
Euonymus europaeus

An Fheá
Fagus sylvatica

An Fhuinseagach
Circaea lutetiana

An Fhuinseog
Fraxinus excelsior

An Ghlasair Choille
Ajuga reptans

An Giúnach Mór
Luzula sylvatica

An Lus Cré Coille
Veronica montana

An Lus Moileas
Galium odoratum

An Macall Coille
Geum urbanum

An Macall Uisce
Geum rivale

An Muiléad Coille
Milium effusum

An Nead Choille
Anemone nemorosa

An Paide Bréan
Rhamnus cathartica

An tSailchuach Luath
Viola reichenbachiana

An tSeamsóg
Oxalis acetosella

Cabáiste an Mhadra Rua
Saxifraga spathularis

Lus an tSagairt
Melampyrum pratense

Na Coinnle Corra
Hyacinthoides non-scripta

Similar Posts