You are currently viewing Carraigeacha Cósta

Carraigeacha Cósta


Tá cósta iarthar na hÉireann breac le bolláin, leacracha, carraigeacha agus ailltreacha. Is i bpoill bheaga agus scoilteacha caola na gcloch seo a chruinníonn dóthain créafóige, gainimh agus feamainne le go bhfásfaidh plandaí creige an chósta. Is i dtús an tsamhraidh is fearr a thugtar faoi deara éagsúlacht an fhlóra seo, nuair a bhíonn greim daingean ag na bláthanna buí, bándearga, agus corcra ar na carraigeacha in éadan na gaoithe sáile.

Feictear bláthanna sna gnáthóga seo nach bhfuil le fáil in aon áit eile, an rabhán bándearg, an coireán mara bán, agus an chabróis mhara mhór chorcra ina measc. Is anseo freisin a fhásann an chraobhraic, planda inite agus tóir air i measc siúd a bhíonn ag fáiteall plandaí fiáine le n-ithe. Bíonn an slánlus mara ag fás anseo, scaití in aice lena chol ceathrar, an slánlus, planda atá oiriúnach i raon leathan gnáthóg. Bíonn plandaí eile atá coitianta ar thalamh féaraigh, agus atá in ann ag aeráid fhiáin na farraige, le feiceáil ar charraigeacha cósta freisin, ina measc an crobh éin agus an briosclán.

Is gnáthóga iontu féin iad na clocha agus na leacracha cósta. Is ar dhromchla na gcarraigeacha cladaigh is mó a fhásann an léicean flannbhuí coiteann. Tá dath buí ar an léicean seo nuair atá sé ag fás sa ngrian, agus dath liath nó glas air más faoi scáth na gréine atá sé. Ní chuireann truailliú aeir as don léicean, agus, mar go n-ionsúann siad truailleáin ón aer (miotail throma san áireamh), úsáidtear iad chun caighdeán an aeir a mheas. Tá eabhar mara, léicean briosc buíghlas, le feiceáil ag fás ar chlocha in aice na farraige freisin. Faightear ar chlocha siliciúla iad agus mar sin tá siad forleathan i gConamara agus ar chósta thiar na hÉireann. Cosúil le léicin eile, is alga agus fungas atá ann in éineacht, ag fás go siombóiseach le chéile.

Plandaí ar Charraigeacha Cósta