Claíocha agus Fothracha

Fágann daoine a lorg ar an tírdhreach agus ní thógann sé i bhfad go dtí go mbíonn iarsmaí na sochaí — fothracha, claíocha, sconsaí agus ballaí — clúdaithe ag raon leathan plandaí. Bíonn foscadh ón ngaoth agus scáth ón ngrian ag plandaí a fhásann i measc na bhfothrach agus sna clocha ar chlaíocha, agus dá shine iad is amhlaidh is saibhre atá siad ó thaobh na bithéagsúlachta de.

Tacaíonn claíocha le plandaí dreaptha, agus i gcás féitheacha amhail an fhéithleog, an t-ialus fáil agus eibheann baineann siad leas as clocha garbha na bhfothrach agus iad ag fás go hard ag lorg spáis agus solais. Taitníonn an scáth agus an taise atá in íochtar ballaí cloiche le raithneachaí beaga amhail lus na seilge, creamh na muice fia agus an scim chaol, a fhásann sna poill agus sna scoilteacha. Fásann raithneachaí níos mó, amhail an raithneach chrua agus an raithneach mhadra, chomh maith leis an raithneach féin, amach as íochtar na gclaíocha.

Sa gheimhreadh bíonn na gnáthóga seo breac le léicin, amhail an cupán móna, caonaigh agus aelusanna. Sa samhradh bíonn bláthanna amhail an cornán caisil agus an t-iúr sléibhe le feiceáil, agus i gcaitheamh na bliana bíonn an drioball rí faoi bhláth.

Plandaí ar Chlaíocha agus Fothracha

An Fheabhráid Reatha
Parietaria judaica

Lus an Chromchinn
Narcissus spp.

Lus na nDeor
Soleirolia soleirolii

An Searbh-bhiolar Giobach
Cardamine hirsuta

An Toirpín Bréige
Phedimus spurius

An Pribhéad Calafoirniach
Ligustrum ovalifolium

Grafán na gCloch
Sedum acre

An Crobh Geal
Geranium lucidum

An Buaflíon Balla
Cymbalaria muralis

An Cainchín Balla
Contoneaster horizontalis

An tIalus Fáil
Calystegia sepium

An tEibheann
Hedera hibernica/helix

An Neantóg
Urtica dioica

An tIúr Sléibhe
Teucrium scorodonia

Póiríní Seangán
Sedum anglicum

An Dris
Rubus fruticosus

An Fhéithleog
Lonicera periclymenum

An Drioball Rí
Geranium robertianum

An Fhiúise
Fuchsia magellanica

An Cornán Caisil
Umbilicus rupestris

An Sceach Gheal
Crataegus monogyna

An Draighean
Prunus spinosa

Raithneach ar Chlaíocha agus Fothracha

Claíocha agus Fothracha

Fágann daoine a lorg ar an tírdhreach agus ní thógann sé i bhfad go dtí go mbíonn iarsmaí na sochaí — fothracha, claíocha, sconsaí agus ballaí — clúdaithe ag raon leathan plandaí. Bíonn foscadh ón ngaoth agus scáth ón ngrian ag plandaí a fhásann i measc na bhfothrach agus sna clocha ar chlaíocha, agus dá shine iad is amhlaidh is saibhre atá siad ó thaobh na bithéagsúlachta de.

Tacaíonn claíocha le plandaí dreaptha, agus baineann féitheacha amhail an féithleann, an t-ialus fáil agus eidhneán leas as clocha garbha na bhfothracha agus iad fás go hard ag lorg spáis agus solais. Taitníonn an scáth agus an taise atá in íochtar ballaí cloiche le raithnigh bheaga amhail lus na seilge, creamh na muice fia agus an scim chaol, a fhásann sna poill agus sna scoilteacha. Fásann raithnigh níos mó, amhail an raithneach chrua agus an raithneach mhadra, chomh maith leis an raithneach féin, amach as íochtar na gclaíocha.

Sa ngeimhreadh bíonn na gnáthóga seo breac le léicin, amhail an cupán móna, caonaigh agus aelusanna. Sa samhradh bíonn bláthanna amhail an cornán caisil agus an t-iúr sléibhe le feiceáil, agus i gcaitheamh na bliana bíonn an drioball faoi bhláth.

Plandaí na gClaíocha agus na bhFothrach

Similar Posts