Cósta Gainimh

Tá cineálacha éagsúla gnáthóg ghainimh ar chóstaí na hÉireann. Déantar idirdhealú idir réileáin láibe, le cáithníní beaga gainimh níos lú ná 1mm, agus tránna, le cáithníní gainimh níos mó ná sin. Is gnáthóga ar leith iad dumhcha gainimh, carnáin mhóra a bhíonn in uachtar cladaigh.  Is minic a bhíonn mósáic de ghnáthóga éagsúla — idir charraigeacha cósta, dumhcha, duirling agus tránna — mar chuid de chósta gainimh.

Tá an mhuiríneach mar chuid lárnach d’éiceachóras dumhcha gainimh. Is iad fréamhacha an fhéir seo a dhaingníonn agus a láidríonn na dumhcha, ionas nach féidir leis an ngaoth agus an fharraige iad a réabadh óna chéile arís. Tar éis don mhuiríneach greim a fháil sa ngaineamh, tosaíonn plandaí eile ag fás sa ngnáthóg seo de réir a chéile, ina measc an bolach cnis, an luibh bhléine agus bláthanna fiáine eile.

Is súmhar —planda ramhardhuilleach atá in ann fíoruisce a stóráil ina chuid duilleog — atá sa ngaineamhlus mara, planda inite. Tá súmhair coitianta i dtimpeallachtaí sáile. Tá gaol sinsearachta ag planda inite eile atá le fáil i ngnáthóga gainimh, laíon na trá, le glasraí tábhachtacha amhail an meacan biatais, an biatas siúcra agus an biatas bán. Sula raibh torthaí citris forleathan, ba ghnáth le mairnéalaigh an biolar trá a thabhairt leo ar aistir fharraige leis an ngalar scorbach a sheachaint.

Plandaí ar Chósta Gainimh

Plúr an Phrionsa
Calystegia soldanella

An Creagach
Erodium cicutarium

An Cuileann Trá
Eryngium maritimum

An Féar Muirisce
Puccinellia maritima

An Chíb Ghainimh
Carex arenaria

Adharca Fia
Plantago coronopus

An Broimfhéar Gainimh
Elymus junceiformis

An Mongán Glúineach
Sagina nodosa

An Chluas Luchóige Mhóinéir
Cerastium arvense

An Mhuiríneach
Ammophila arenaria

An Eilifleog Phlúrach
Atriplex laciniata

An Bhlide Mhara
Suaeda maritima

An Cearrbhacán Mara
Cakile maritima

An Gaineamhlus Mara
Honckenya peploides

An Chabróis Mhara Mhór
Spergularia media

Lus an tSailte
Lysimachia maritima

An Eilifleog Leathan
Atriplex prostrata

An Rabhán
Armeria maritima

An Boladh Cnis
Galium verum

An Biolar Trá
Cochlearia officinalis

Laíon na Trá
Beta vulgaris fosp. maritima

Similar Posts