You are currently viewing Cósta Gainimh

Cósta Gainimh


Tá cineálacha éagsúla gnáthóg ghainimh ar chóstaí na hÉireann. Déantar idirdhealú idir réileáin láibe, le cáithníní beaga gainimh níos lú ná 1mm, agus tránna, le cáithníní gainimh níos mó ná sin. Is gnáthóga ar leith iad dumhcha gainimh, carnáin mhóra a bhíonn in uachtar cladaigh.  Is minic a bhíonn mósáic de ghnáthóga éagsúla — idir charraigeacha cósta, dumhcha, duirling agus tránna — mar chuid de chósta gainimh.

Tá an mhuiríneach mar chuid lárnach d’éiceachóras dumhcha gainimh. Is iad fréamhacha an fhéir seo a dhaingníonn agus a láidríonn na dumhcha, ionas nach féidir leis an ngaoth agus an fharraige iad a réabadh óna chéile arís. Tar éis don mhuiríneach greim a fháil sa ngaineamh, tosaíonn plandaí eile ag fás sa ngnáthóg seo de réir a chéile, ina measc an bolach cnis, an luibh bhléine agus bláthanna fiáine eile.

Is súmhar —planda ramhardhuilleach atá in ann fíoruisce a stóráil ina chuid duilleog — atá sa ngaineamhlus mara, planda inite. Tá súmhair coitianta i dtimpeallachtaí sáile. Tá gaol sinsearachta ag planda inite eile atá le fáil i ngnáthóga gainimh, laíon na trá, le glasraí tábhachtacha amhail an meacan biatais, an biatas siúcra agus an biatas bán. Sula raibh torthaí citris forleathan, ba ghnáth le mairnéalaigh an biolar trá a thabhairt leo ar aistir fharraige leis an ngalar scorbach a sheachaint.

Plandaí ar Chósta Gainimh