Portach Tirim

Cé gur timpeallacht fhliuch, den chuid is mó, atá sa phortach, tá paistí de phortach tirim le fáil ar shléibhte agus ar thalamh íseal, go háirithe in iarthar na hÉireann. Tá an ithir tirim agus saorshilteach, ach bocht agus aigéadach agus, mar aon le portach fliuch, tá plandaí in ann fás ar an talamh seo, plandaí uathúla nach mbeadh in ann fás in aon áit eile. Tugtar móinteach ar phortach tirim freisin, agus is minic an ghnáthóg seo a bheith fite fuaite le gnáthóga eile, ina measc portach fliuch, criathrach — portach nach bhfuil aon mhóin bainte ann — agus portach ina bhfuil an mhóin bainte.

Tá cineálacha éagsúla fraoigh coitianta sna ceantair seo, ina measc an fraoch mór agus an fraoch cloigíneach, chomh maith le fraoch na haon choise, atá uathúil do chósta iarthar na hÉireann. Tá bláthanna fairsing anseo sa samhradh, idir bhláthanna beaga amhail na deirfiúiríní, agus an glanrosc, agus bhláthanna níos mó ar nós lus an ghiolla. Is ar phortach tirim a fhásann go leor magairlíní freisin, ina measc na circíní, an magairlín gaelach agus magairlín beag an fhéileacáin.

Fásann sceacha móra anseo freisin, idir phlandaí ionracha amhail an róslabhras agus sceacha dúchasacha leithéidí an t-aiteann gaelach agus an t-aiteann gallda. Tá an t-aiteann gaelach níos lú ná an t-aiteann gallda, tá sé níos fairsinge in iarthar na tíre, agus bláthaíonn sé ag amanna difriúla sa bhliain. Tá an roithleog forleathan ar mhóinteach freisin. Tá boladh cumhraithe ar a cuid duilleog.

Plandaí ar Phortach Tirim

An Caorthann
Sorbus aucuparia

An Chíb Cheanngheal
Trichophorum cespitosum

An Chíb Dhubh
Carex nigra

An Crann Sníofa
Salix aurita

An Falcaire Corraigh
Lysimachia tenella

An Fhraochóg
Vaccinium myrtillus

An Fionnán
Molinia caerulea

An Fraoch Cloigíneach
Erica cinerea

An Fraoch Mór
Calluna vulgaris

An Fraoch Naoscaí
Erica tetralix

An Ghobsheisc
Rhynchospora alba

An Luachair Chaoráin
Juncus squarrosus

An Magairlín Gaelach
Dactylorhiza kerryensis

An Magairlín Mór
Dactylorhiza incarnata

An Mongán Móna
Sagina subulata

An Néalfartach
Potentilla erecta

An Roithleog
Myrica gale

An Róslabhras
Rhododendron ponticum

An Sifín
Schoenus nigricans

An tAiteann Gaelach
Ulex gallii

An tAiteann Gallda
Ulex europaeus

Fraoch na hAon Choise
Daboecia cantabrica

Lachán na nDamh
Juncus articulatus

Léine Mhuire
Cardamine pratensis

Luibh na bhFear Gonta
Galium saxatile

Lus an Ghiolla
Pedicularis sylvatica spp. hibernica

Lus na mBan Sí
Linum catharticum

Magairlín Beag an Fhéileacáin
Platanthera bifolia

Na Circíní
Dactylorhiza maculata

Na Deirfiúiríní
Polygala serpyllifolia

Sciollam na Móna
Narthecium ossifragum

Similar Posts