Tá mé buíoch do Niall Mac Coitir, údar, a thacaigh liom cur leis an Liosta de phlandaí Chois Fharraige.

Bhain mé an-úsáid as dhá shuíomh idirlín agus mé ag iarraidh plandaí éagsúla a aithint – Irish Wildflowers (https://www.irishwildflowers.ie) le Jenny Seawright agus Wildflowers Of Ireland (http://www.wildflowersofireland.net) le Zoë Devlin. Is suiomhanna den scoth iad seo agus cúnamh mór don té atá ag iarraidh níos mó a fhoghlaim faoi phlandaí na tíre.

Uaireanta baineadh úsáid as Plantnet (https://identify.plantnet.org) chun na plandaí áitiúla a aithint. Is áis úsáideach í seo chun tú a chur ar an mbóthar ceart chun planda a aithint, ach is fearr neart leabhair thagartha (agus na suíomhanna thuasluaite) chun a bheith cinnte.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le daoine áitiúla ón gceantar a chabhraigh liom le plandaí éagsúla.