You are currently viewing Clocha Nochtaithe

Clocha Nochtaithe


Tá raon leathan plandaí ann atá in ann fás ar chlocha nochtaithe, is iad sin leacracha móra atá ag gobadh amach ón ithir thart timpeall orthu. Tá gnáthóga mar seo coitianta in áiteanna le talamh bhocht agus créafóg éadomhain. Tá dhá phríomhchineál de chlocha nochtaithe ann, clocha cailcreacha, cosúil le haolchloch na Boirne, agus clocha siliciúla, ar nós cloch eibhir Chonamara, ar a bhfuil muid dírithe sa bpainéal seo.

Tá tréith aigéadach san ithir timpeall ar chlocha siliciúla, agus taitníonn coinníollacha mar seo leis an bhfraoch mór, ina cheann ar chineálacha fraoigh eile. Bíonn caonaigh, amhail aiteann Mhuire, agus cineálacha coitianta raithní sna gnáthóga seo, chomh maith le plandaí ísle le bláthanna beaga, cosúil le luibh na bhfear gonta agus tím chreige a luíonn mar bhrat ar na clocha.

Taitníonn neachtar na bpóiríní seangán le seangáin. Mar go bhfásann siad sa gcréafóg thirim ar chlocha, is minic a bhíonn neadracha seangán in aice leo. Ar na clocha féin is minice a bhíonn léicin éagsúla ag fás. Tugtar mapán na gcloch ar léicean coitianta a fhásann ar dhromchla chlocha nochtaithe mar go mbreathnaíonn na paistí éagsúla léicean, le imlínte dubha orthu, cosúil le léarscáil.

Plandaí ar Chlocha Nochtaithe