You are currently viewing Portach Tirim

Portach Tirim


Cé gur timpeallacht fhliuch, den chuid is mó, atá sa bportach, tá paistí de phortach tirim le fáil ar shléibhte agus ar thalamh íseal, go háirithe in iarthar na hÉireann. Tá an ithir tirim agus saorshilteach, ach bocht agus aigéadach agus, maraon le portach fliuch, tá plandaí uathúla, nach bhfaightear in aon áit eile, in ann fás sna coinníollacha seo. Tugtar móinteach ar phortach tirim freisin, agus is minic an ghnáthóg seo a bheith fite fuaite le gnáthóga eile, ina measc portach fliuch, criathrach – portach nach bhfuil aon mhóin bainte ann – agus portach ina bhfuil an mhóin bainte.

Tá cineálacha éagsúla fraoigh coitianta sna ceantair seo, ina measc an fraoch mór agus an fraoch cloigíneach, chomh maith le fraoch na haon choise, atá uathúil do chósta iarthar na hÉireann. Tá bláthanna fairsing anseo sa samhradh, idir bhláthanna beaga amhail na deirfiúiríní, agus an glanrosc, agus bláthanna níos mó ar nós lus an ghiolla. Is ar phortach tirim a fhásann go leor magairlíní freisin, ina measc na circíní, an magairlín gaelach agus magairlín beag an fhéileacáin.

Fásann sceacha móra anseo freisin, idir phlandaí ionracha amhail an róslabhras agus sceacha dúchasacha leithéidí an t-aiteann gaelach agus an t-aiteann gallda. Tá an t-aiteann gaelach níos lú ná an t-aiteann gallda, níos fairsinge in iarthar na tíre, agus bláthaíonn sé ag amanna difriúla sa mbliain. Tá an railleog, le boladh cumhraithe ar a chuid duilleog, forleathan ar mhóinteach freisin.

Plandaí ar Phortach Tirim