Tá ‘Bosca Eolais’ ag gach planda ina bhfuil eolas faoin bplanda leagtha amach de réir catagóirí éagsúla. Déantar é seo le go mbeidh sé éasca plandaí a rangú agus plandaí gaolmhara a aithint. Ní gá go mbeadh gach catagóir thíos in úsáid do chuile phlanda.

Dath Bláth

Ní gá go mbeadh gach dath a d’fhéadfadh a bheith ar an mbláth luaite leis an bplanda, ach déantar iarracht na dathanna is coitianta atá ar an mbláth a áireamh. I gcásanna ar leith, ní minic a thagann bláth ar phlanda (mar shampla an Ros Lachan). I gcásanna eile (féir éagsúla, mar shampla) bíonn an bláth beag bídeach agus ní bhíonn sé éasca an dath a fheiceáil, agus i gcás an Cheannbháin, is iad na síolta paraisiútacha bána is cúis leis an dath is suntasaí atá aige.

Cinéal Planda

Déantar na plandaí a rangú de réir catagóirí éagsúla: raithneach; planda le bláth; léicean; ilbhliantóg; bliantóg srl.

Fine

An fine lena mbaineann an planda.

Géineas

Géineas an phlanda. Tá an tréith seo luaite nuair atá níos mó na planda amháin ó ghéineas ar leith feicthe i gCois Fharraige – mar shampla an Cochall (Scutellaria galericulata) agus an Cochall Beag (S. minor), nó na plandaí éagsúla atá sa ngéineas Galium.

Gnáthóg

An gnáthóga/na gnáthóga sin i gCois Fharraige ina bhfuil an planda ag fás. Déantar iarracht córas Fossitt (A Guide to Habitats in Ireland, 2007) a úsáid an oiread agus is féidir.

Stádas

Léirítear anseo an bhfuil an planda dúchasach nó neamhdhúchasach.

Fairsinge

Déantar iarracht, do gach planda luibheach, fairsinge an phlanda, nó cé chomh coitianta atá an planda sin i gceantar Chois Fharraige, a mheas. Tá stádas fairsinge a tugadh do gach planda bunaithe go hiomlán ar thaithí an údáir (nár shiúil chuile bhóithrín sa gceantar) agus d’fhéadfadh athrú theacht ar fhairsinge an phlanda le himeacht aimsire.

  • An-fhairsing – tá an planda an-éasca le haimsiú i raon leathan gnáthógaí fad is go bhfuil an planda sa gcuid sin dá saolré go bhfuil sé éasca le feiceáil. Mar shampla an Nóinín Coiteann ag deireadh an Earraigh, nó an Mhínscoth i lár mhí Iúil.
  • Fairsing sa ngnáthóg – tá an planda éasca nó an-éasca le haimsiú má chuardaítear sa ngnáthóg (nó gnáthógaí) is mó atá aitheanta leis an bplanda. Mar shampla an NéalfartachSciollam na Móna ar an bPortach, nó an Meacan Mara ar an Duirling.
  • Fairsing – tá an planda éasca nó réasúnta éasca le haimsiú i raon leathan gnáthógaí.
  • Anseo agus ansiúd – aimseofar an planda ach b’fhéidir go dtógfadh sé roinnt uaireanta an chloig é a aimsiú, fiú sna ngnáthóga sin ina bhfuil an planda compordach ag fás iontu.
  • Annamh – níl feicthe ach líon beag (níos lú ná trí cinn) den phlanda seo i gceantar Chois Fharraige.
  • Fíorannamh – níl feicthe ach planda amháin de chineál seo sa gceantar, agus tá sé aitheanta mar phlanda atá annamh in Éirinn.

Ní dhéantar iarracht fairsinge éalaithigh ghairdín ná ilbhliantóga adhmadacha (crainnte agus sceacha) a mheas.

Úsáid

Baineadh úsáid as Wyse Jackson (2014) le hiomlánú a dhéanamh ar liosta na bplandaí ar baineadh úsáid astu.

Plandaí Inite

Baineadh úsáid as Curtis agus Whelan (2019) le hiomlánú a dhéanamh ar liosta na bplandaí atá inita, nó ar gaol fiáin bairr iad. D’fhéadfaí go mbeadh cócaireacht nó próiseáil eile ag teastáil ó phlandaí inite sular féidir iad a ithe.

Tá plandaí nimhneacha ann a bhreathnaíonn an-chosúil le plandaí inite. Tá sé tábhachtach gan aon phlanda a ithe gan a bheith cinnte go bhfuil an planda aitheanta i gceart agat.