Suite ar imeall an Atlantaigh, le haeráid mheasartha, fhionnuar, fhliuch, ní haon ionadh é go bhfuil go leor gnáthóg fhliuch in Éirinn, idir locha, aibhneacha, agus phortaigh. Mar go bhfuil uisce chomh tábhachtach sin do fhlóra na hÉireann, tá bithéagsúlacht shaibhir le fáil sna gnáthóga seo. Is aigéadaí talamh fhliuch phortaigh ná talamh fhliuch eile agus déantar idirdhealú eatarthu dá réir. Cé is moite de cheantair phortaigh, tugtar bogach, eanach nó moing ar an talamh úd ina bhfuil an ithir síorfhliuch, mar gheall ar easpa draenála nó mar go bhfuil sé faoi thionchar abhann nó locha.
Tá an giolcach coitianta in áiteanna fliucha. Fásann na plandaí seo go dlúth le chéile, agus tugann an foscadh seo tearmann sábháilte d’éin agus ainmhithe. Bhaintí úsáid as an ngiolcach fadó mar ábhar tógála. Is minic an seileastram, planda dúchasach le bláthanna buí, a fheiceáil ag fás ar imeall na ngiolcach.
Tá plandaí amhail an t-airgead luachra agus an fearbán reatha beagnach chomh hoiriúnach céanna ar thalamh tirim agus atá i mbogach ach, mar is léir ó ainm an phlanda, ní fhaightear an ceotharnach uisce, an falcaire uisce, ná an caorthann eanaigh ach i dtalamh bháite.
Cuireann uisce reatha ar chumas plandaí scaipeadh go héasca agus go tapaidh, agus is ar bhruacha aibhneacha agus locha a fheictear plandaí ionracha neamhdhúchasacha amhail an seileastram dearg agus an glaschreamh ag fás go flúirseach.