Tugann an suíomh seo léargas ar phlandaí (flóra) coitianta agus neamhchoitianta atá le feiceáil i gceantar Chois Fharraige. Tá an suíomh dírithe den chuid is mó ar phlandaí le bláthanna, ach tá roinnt plandaí ar an suíomh gan bláthanna freisin (cosúil le raithní éagsúla). Tá leathanach ar leith ag gach planda (mar shampla an Caisearbhán), ina bhfuil ainmneacha éagsúla an phlanda (Gaeilge, Laidin agus Béarla) chomh maith le híomhánna difriúla den planda, le gur féidir an planda aithint, agus le go bhfeictear an planda i gcomhthéacs na timpeallachta agus na gnáthóige ina bhfuil an planda suite. Tá na plandaí leagtha amach de réir catagóirí éagsúla freisin (dath, gnáthóg srl) , agus tá liosta ar an suíomh de shonraí na bplandaí, ainmneacha Gaeilge san áireamh. Tógadh na pictiúir go léir atá ar an suíomh seo i gceantar Chois Fharraige. Déanadh iarracht gnéithe éagsúla den phlanda a thaispeáint, agus an planda a léiriú in amanna éagsúla dá saolré.

An Liosta

Tá liosta (nó bunachar) ar an suíomh ina bhfuil sonraí éagsúla tugtha do gach planda le bláth (agus roinnt plandaí gan bláthanna) atá le feiceáil i gCois Fharraige. Táthar ag cur leis an liosta seo de réir a chéile. Tá plandaí agus bláthanna éagsúla ag fás sa gceantar nach bhfuil le feiceáil fós sa liosta ná ar an suíomh. Tá súil againn amach anseo go mbeidh liosta cuimsitheach sa liosta seo de na hainmneacha Gaeilge do gach planda.

Tá roinnt de na plandaí eagraithe de réir catagóirí éagsúla (bláthanna coitianta, bláthanna bána, plandaí i gnáthóga éagsúla, srl), agus léirítear iad seo i bhfoirm ‘gailearaithe íomhánna’, ina bhfuil nasc ar gach íomhá chuig leathanach eolais an phlanda. Ní gá go mbeadh na “gailearaithe” uileghabhálach – sé sin go bhfuil gach planda den chineál sin cuimsithe sa ngailearaí cuí. Tá sé seo amhlaidh ach go háirithe leis na gailearaithe de na gnáthóga éagsúla.

Gnáthóga

Feictear go bhfuil tábhacht ar leith le gnáthóga chun plandaí a aimsiú agus a aithint. Tá riar mhaith gnáthóga i gceantar Chois Fharraige, agus baineadh úsáid as córas rangaithe Fossitt (200) – le fáil ar an suíomh seo – chun na gnáthóga seo a ainmniú, cé go bhfuil simplíú déanta ar chuid acu. Mar shampla úsáidtear Portach ar an suíomh seo mar ghnáthóg, cé go bhfuil Móinteach (tirim agus aigéadach), Portach Réitithe (móin bainte), agus Bratphortach (portach móna atá fliuch) in úsáid ag Fossitt. D’fhéadfaí go ndéanfar beachtú ar na gnáthóga ar an suíomh seo amach anseo le go mbeidh siad níos cosúla le córas Fossitt.

Facthas na plandaí sin atá luaite le gnáthóga ar leith sna gnáthóga sin, ach ní gá go mbeadh gach planda a bhaineann le gnáthóg ar leith le feiceáil i ngailearaí na ngnáthóige.

Ainmneacha na bPlandaí

Tá sé i gceist go mbeidh tús áite tugtha don ainm is mó atá in úsáid i gceantar Chois Fharraige (mar shampla Seileastram seachas Feileastram), ach tá súil againn go mbeidh na hainmneacha go léir atá ag na bplandaí éagsúla le feiceáil ar an liosta agus ar leathanach eolais an phlanda.

Baineadh úsáid as www.tearma.ie chun na hainmneacha Gaeilge a chinntiú.

De réir a chéile, beifear ag úsáid foinsí agus leabhair éagsúla chun gach ainm Gaeilge atá ag na plandaí éagsúla a áireamh sa liosta, agus i leathanach an phlanda.

Úsáid na bPlandaí

Tá go leor eolais faoi úsáid na plandaí i gceirdeanna ar nós tuíodóireacht, caoladóireacht, súdaireacht agus dathú le fáil i leabhar Peter Wyse Jackson, Ireland’s Generous Nature (2014, Missouri Botanical Garden Press). D’úsáid mé an foinse seo, den chuid is mó, chun catalógú a dhéanamh ar úsáid na bplandaí ar an suíomh seo.

Déan Teagmháil

Bheadh muid buíoch dóibh siúd atá sásta cúnamh a thabhairt chun botúin atá ar an suíomh a cheartú, agus chun ainmneacha áitiúla (Chois Fharraige) na bplandaí a bheachtú. I measc na mbearnaí atá ann tá:

  • Ainmneacha ar iarraidh, nó ainmneacha atá mícheart
  • Gnáthóga (atá i gceantar Chois Fharraige) in easnamh
  • Plandaí atá luaite le gnáthóga mícheart, nó gnáthóg a lua le planda nach bhfuil ceangailte le gnáthóg ar bith
  • Príomhainm mícheart luaite leis an bplanda (ainm nach bhfuil in úsáid sa gceantar)
  • Botúin teanga/cló
  • Fabhtanna teicniúla ar an suíomh
  • Moltaí chun feabhais don suíomh
  • Aon cheo eile a ritheann leat

Is féidir teagmháil a dhéanamh liomsa, Seathrún Ó Tuairisg, anseo.