You are currently viewing Taobh an Bhóthair

Taobh an Bhóthair


Is éard is gnáthóg ann ná an áit sin – bíodh sé nádúrtha nó saorga – ina bhfuil rudaí beo ag maireachtáil. In ainneoin gur gnáthóga saorga iad ciumhaiseanna cois bóthair, is spásanna fáis anois iad d’iliomad speiceas. Bíonn raon leathan plandaí ag fás ar thaobh an bhóthair mar go mbíonn meascán éagsúil créafóige sna spásanna seo, chomh maith le paistí sa ngrian agus sa scáth. Dá thoradh seo, is tearmainn thábhachtacha iad do phlandaí agus do phailneoirí atá faoi bhrú ag an éigeandáil aeráide, ag an bhforbairt uirbeach agus ag dúshláin na diantalmhaíochta. Gréasán a cheanglaíonn gnáthóga difriúla le chéile is ea cosáin, bóithríní, róidíní agus bóthair mar gur stráicí leanúnacha uileláithreacha iad. Cuidíonn na spásanna seo le plandaí agus ainmhithe scaipeadh go nádúrtha agus is saibhriú ar bhithéagsúlacht na tíre iad.

Ó thus deireadh na bliana beidh planda eicínt faoi bhláth ar thaobh an bhóthair, ag tosú, i lár an gheimhridh le plúr na gréine, ilbhliantóg ionrach le bláthanna bána agus dearga. Ag tús an earraigh bíonn bláthanna beaga buí an ghráin arcáin amuigh, agus go gairid ina dhiaidh sin bláthaíonn an tsailchuach chon sa scáth. Níos deireanaí sa mbliain, má bhíonn an ghrian ag taitneamh, beidh bláthanna dearga an fhalcaire fiáin oscailte, ach dúnfar iad le linn na drochaimsire. Beag beann ar an aimsir dúnann finidí na muc a chuid peitil ag meán lae, chuile lá.  

Bíonn dath bán agus buí ar bhláthanna san earrach mar go bhfuil na dathanna seo níos éasca le feiceáil ag feithidí agus pailneoirí sa solas lag an tráth sin den bhliain, ach tagann bláthanna bándearga (dréimire Mhuire), gorma (an lus cré talún) agus corcra (an pheasair fhiáin) chun cinn ar thaobh an bhóthair de réir mar a thagann fad leis na laethanta.

Éiríonn na plandaí ar thaobh an bhóthair níos airde le himeacht na séasúr freisin. Tá nimh chontúirteach sa Lus Mór atá aitheanta anois mar ábhar cógais leighis croí.  Bíonn Lus na Tine, lena chuid bláthanna móra bándearga, i mbarr a réime ag deireadh an tsamhraidh.

Plandaí ar Thaobh an Bhóthair

1 2 3 9